Foireann

Míċeál Ó Loċlainn

Londanach is ea Míċeál, a chuir fé i ndúthaigh Mhúsgraí Uí Fhloínn, Cúndae Chorcaí thallód. Chaith sé roinnt mhaith de bhlianaibh ag obair i dtiúnscail na ríomhaireachta mar innealtóir chrua-earra ⁊ mar riarthóir córas i Sasana ⁊ in Éirinn. Mar Fheidhmeannach Ríomhaireachta, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, atá sé ag obair ó 2003 i leith ⁊ is in Áras Shorcha Ní Ghuairim, ionad de chuid an Acadaimh i Ruisín na Maithníoch, a bhíonn sé ag obair go príomhúil.

Cuireann sé suím i réimse leathan abhar teicniúla. Is air atá an dualgas teicniúil i dtaobh Chartlanna Joe Éinniú agus tá roinnt sainbhreiseán WordPress aige cúmtha mar chuid den obair seo. Is é a réitigh an tsraith eisiuintí a cuireadh leis na Cartlanna i mbliain a 2019 chun cothrom céid Joe a cheiliúradh.

Tá áiseanna aige forbartha chun teanga chomheadain ghrafaigh Windows is Ubuntu Linux a riaradh. I ngort FreeBSD atá sé ag saothrú fé láthair. Tá sé ag réiteach léirithe leictreonaigh d’An Músgraigheach don nGréasán do réir a chéile.

R-phost: micheadbrul.maclochlainn@oeglbhkpoiaillimh.ie

Róisín Nic Dhonncha

Is as An Aird Thiar i gceantar Charna, Contae na Gaillimhe, do Róisín. In Iorras Aithneach atá an baile seo, thart ar shé mhíle siar an bóthar as Ruisín na Maithníoch, mar ar rugadh Sorcha Ní Ghuairim. Is léachtóir le Gaeilge í Róisín, i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.

Tá léann an chultúir, gnéithe den bhéaloideas agus an prós comhaimseartha i measc na réimsí spéise atá ag Róisín. Is í an amhránaíocht ar an sean-nós a príomhréimse taighde agus tá sí tar éis díriú go háirithe ar oidhreacht na hamhránaíochta sin ina ceantar dúchais. Tá suim faoi leith aici i stádas agus i seachadadh na n‑amhrán, agus i dtuiscintí ar an aeistéitic i measc amhránaithe agus éisteoirí araon. Tá roinnt alt agus aistí foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla aici ar na hábhair sin.

Is ceoltóir aitheanta freisin í agus bíonn sí ag múineadh an cheoil thraidisiúnta ar an bhfeadóg stáin agus an fheadóg mhór.

R-phost: rowcekoisin.nicdhonn57icha@mic.usbwl.ie